Gealltar oíche iontach ceoil is filíochta do chách. Cuireann an Lárionad Scríbhneoirí Luimnigh, i gcomhar le Comhluadar Luimnigh agus Conradh na Gaeilge, ceathrar filí breátha i láthair. Léifidh Bríd Ní Mhóráin, Mike Mac Domhnaill, Ceaití Ní Bheildiúin, agus Tomás Ó Coileáin rogha dá gcuid filíochta. Am ag an mic oscailte ina ndiaidh. Beidh sóláistí beaga ar fáil chomh maith. Maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Buailigí isteach @ 18 Sráid Thomáis, 19:30 ar aghaidh.
Bríd Ní Mhóráin
Is file í Bríd Ní Mhóráin atá nasctha le hUíbh Ráthach, an áit a saolaíodh í, agus le leithinis Chorca Dhuibhne in a mhaireann sí. Tá ocht gcnuasach filíochta foilsithe ag aici go dtí seo. Bhain an cnuasach is déanaí uaithi, Flóra na Samhlaíochta, áit amach ar an ngearrliosta do Dhuaisleabhar na Bliana, 2022. Tá aitheantas tugtha dá chuid filíochta ag An Chomhairle Ealaíon agus ag Ealaín na Gaeltachta thar na bliana agus tá duaiseanna éagsúla buaite aici.
Ceaití Ní Bheildiúin
Saolaíodh an file Ceaití Ní Bheildiúin i sráidbhaile ar chósta i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Tá sí curtha fúithi i nGaeltacht Iarthar Chiarraí le fiche bliain anois. Tá dhá chnuasach nua filíochta dá cuid seolta ar an saol le déanaí, ‘An Fharraige agus a Gúnaí’, leis an bhfoilsitheoir Éabhlóid, agus ‘Ag Dreapadh na Spéire / Climbing the Sky – Cnoc Bhréanainn’, le Cló-IarChonnacht. Bhuaigh sí Gradam Michael Hartnett 2021, agus bronnadh Sparánacht Marten Toonder uirthi dá cuid filíochta i 2024.
Tomás Ó Coileáin
File, athair, cúl báire (i gcónaí!) agus múinteoir (uaireanta) is ea Tomás Ó Coileáin. Tá sé ina eagarthóir filíochta le Revival Press le trí bliana anois, agus tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aige leo chomh maith. Tháinigh “Inside Out” amach i mí na Nollag 2020 agus lean an leabhar dátheangach, “Ar An Leoithne/On the Breeze” in earrach 2024. Bhí sé mar chuid den ghrúpa Céadlínte/Introductions le Poetry Ireland in 2025. Tá dhá leabhar eile beagnach réidh le foilsiú aige anois, ceann eile i mBéarla agus a chéad chnuasach lán-Ghaeilge chomh maith.
Mike Mac Domhnaill
File dátheangach ó Chontae Luimnigh is ea Mike Mac Domhnaill. Tá mórán foilsithe aige thar na blianta i mór-irisí is i nduanairí liteartha. Bhuaigh sé an Comórtas Francis Mac Manus de chuid RTÉ sa mbliain 2013 dá ghearrscéalaíocht, agus bhain sé clú amach dó féin leis an mbailiúchán “Sifting: Uncle Ned and Other Stories”. I measc a chuid leabhar gheofar filíocht, ficsean, agus prós turgnamhach. D’fhoilsigh Revival Press a chnuasach is déanaí, “Poems for Palestine” in 2025.
Eolas: Dominic Taylor limerickwriterscentre@gmail.com
