Comórtas Filíochta Séamus Ó Cinnéide 2026
Spriocdháta: 28 Feabhra 2026
Tá Ionad Scríbhneoirí Luimnigh thar a bheith bródúil as an Comórtas Filíochta Séamus Ó
Cinnéide a fhógairt. Is comórtas é seo do dhánta i nGaeilge, ionas scríobh na filíochta i nGaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn, chomh maith le hómós á thabhairt do Séamus Ó Cinnéide, duine a chuir cúis na Gaeilge chun cinn i Luimneach go díograiseach i rith an 20ú haois.
Fógrófar buaiteoirí chomórtas na bliana seo ag tús Mí Márta 2026 agus tabharfar cuireadh dóibh
a saothar a léamh ag ócáid speisialta i lár Sheachtain na Gaeilge.
Is é an file Tomás Ó Coileáin an moltóir don chomórtas arís i mbliana.
Maidir le Tomás Ó Coileáin
Duine de scríobhneoirí Céadlínte 2025 le hÉigse Éireann ab ea é le déanaí. Tá dhá bhailiúchán filíochta foilsithe aige go dtí seo, Inside Out (2020) agus Ar An Leoithne/On The Breeze (2024), iad beirt le Revival Press. Tá cónaí air i gCathair Luimnigh. Bhuaigh sé an chéad áit sa chomórtas filíochta i bhFéile Raifteirí Bhaile Locha Riach 2024 agus sa chomórtas “Hold Fast To Dreams” de chuid Drawn To The Light Press an bhliain chéanna.
Maidir le Séamus Ó Cinnéide
Rugadh Séamus Ó Cinnéide (1925 – 1992) i Sráid Mhungairit, Luimneach, Éire, agus bhí cónaí air i
nGarraí Eoin ó na 1960í ar aghaidh. File, staraí, scéalaí, agus iriseoir ab ea é, a scríobh colúin don
Limerick Leader agus don Limerick Chronicle, an colún “I Mo Scriobháil Féin” ina measc. Bhí sé ina chomh-údar, le Donal Ryan, ar History and Folklore of Parteen and Meelick. Thaistealaíodh sé chun na Gaeltachta go minic, i gCúil Aodha, sa Rinn, agus i gConamara, agus d’fhreastalaíodh sé ar Chonradh na Gaeilge. Ainmníodh sráid ina onór i 2007.
Maidir le hIonad Scríbhneoirí Luimnigh
Bunaíodh Ionad Scríbhneoirí Luimnigh mar eagraíocht neamhbhrabúis sa bhliain 2008 chun tacú le
scríbhneoirí ó Luimneach agus níos faide i gcéin, agus iad a chur chun cinn trí léamha, ceardlanna agus gníomhaíochtaí foilsitheoireachta.
Agus é á threorú ag bord stiúrthóirí deonach, tá an Lárionad ina cheann feadhna, ag cur leis an bpobal litríochta i Luimneach agus sa cheantar máguaird.
Is féidir iontráil a dhéanamh le ríomhphost chuig limerickwriterscentre@gmail.com nó sa phost chuig:
Limerick Writers’ Centre, c/o The Umbrella Project, 78 Sráid Uí Chonaill, Luimneach.
Rialacha agus tuilleadh eolais óna suíomh Gréasáin www.limerickwriterscentre.com nó seol ríomhphost chuig: limerickwriterscentre@gmail.com
IS É AN DÁTA DEIRIDH D’iontrálacha MEÁN OÍCHE, Dé Sathairn 28 Feabhra 2026
Glacfar le dánta i nGaeilge amháin.
Níl aon srianta ar ábhar no do rogha cur i láthair.
Tá fáilte roimh iontrálacha idirnáisiúnta.
Ní mór gur saothar neamhfhoilsithe de chuid an té a chuireann isteach ar an gcomórtas iad gach dán. Níor cheart go mbeidís foilsithe, féinfhoilsithe nó glactha lena bhfoilsiú i gcló nó ar líne, nó craolta cheana féin, is níor cheart go mbeadh comórtas eile buaite ag an dán céanna riamh.
An Duais: €200.00.
Déanfaidh an breitheamh na hiontrálacha go léir a mheas gan ainm agus mar sin níor cheart go mbeadh tásc ar bith sna dánta chun an file a aithint.
Moltar gan dánta thar ná 40 líne a chur isteach, ach amháin má chuireann sé go mór le hábhar an dáin.
Seo a leanas na táillí iontrála: 1 dán: €3.50 3 dhán: €5.50 https://www.paypal.com/ie/home
Is féidir dánta a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig limerickwriterscentre@gmail.com, “Comórtas Séamus Ó Cinnéide 2026” a chur sa bhosca ábhair, agus an táille chuí a íoc trí PayPal in Euro.
Iontráil tríd an gcóras poist: Limerick Writers’ Centre, c/o The Umbrella Project, 78 Sráid Uí Chonaill, Luimneach, Éire le táille chuí in Euro amháin (seiceanna/PO déanta amach chuig Limerick Writers’ Centre). Ní thabharfar do dhánta ar ais, mar sin coinnigh cóip díobh.
Cuir na dánta go léir in aon cheangaltán amháin, le do thoil, le comhad caighdeánach Word.
Admhófar gach iontráil trí ríomhphost amháin.
Ní féidir linn glacadh le hathruithe ar an dán tar éis é a fháil.
Ní féidir dánta a tharraingt siar ón bpróiseas moltóireachta nuair a chuirtear isteach iad.
Cé go bhfanfaidh cóipcheart ag an bhfile, coimeádaimid an ceart an dán buaiteach a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin nó i leabhair ar feadh bliana ón dáta a fógraíodh an dán buaiteach.
Coimeádann na heagraithe an ceart duaiseanna a choinneáil siar má tá bonn cirt lena leithéid.
Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an bhreithimh agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras.
CONAS CUR ISTEACH (Ríomhphost):
- Seol an táille chuí chuig an gcuntas PayPal, ná: limerickwriterscentre@gmail.com agus coimeád an cód idirbheart PayPal. https://www.paypal.com/ie/home
- Seol d’iontráil trí ríomhphost chuig limerickwriterscentre@gmail.com
I líne an ábhair luaigh le do thoil “Comórtas Séamus Ó Cinnéide 2026”
I gcorp an ríomhphoist luaigh, le do thoil:
D’Ainm
Do sheoladh baile
Do sheoladh ríomhphoist
Teidil an dán
Cód idirbheart PayPal
Cuir do dhán/dhánta faoi iamh i gcomhad amháin WORD nó Text, le do thoil — níor cheart go mbeadh aon ghnéithe aitheantais ar an gcomhad seachas teidil na ndánta.
Ní osclófar aon chineál comhaid eile (m.sh. PDF)
CONAS CUR ISTEACH (Post):
Seol chuig Limerick Writers’ Centre, c/o The Umbrella Project, 78 Sráid Uí Chonaill, Luimneach, Éire le táille chuí in Euro amháin (seiceanna/PO déanta amach chuig Limerick Writers’ Centre).
Ní thabharfar do dhánta ar ais, mar sin coinnigh cóip díobh.
NÍ MÓR GACH DÁN A FHÁIL ROIMH MHEÁN OÍCHE DÉ SATHAIRN 28ú FEABHRA 2026
Séamus Ó Cinnéide Poetry Competition 2026
Deadline: 28 February 2026
Limerick Writers’ Centre is very proud to announce the return of the Séamus Ó Cinnéide
Poetry Competition. This is the second year of the competition for poems in the Irish language, designed to encourage and promote the writing of poetry in Irish, while honouring Séamus Ó Cinnéide, one of Limerick’s most dedicated promoters of the Irish language.
The winners of this year’s competition will be announced in early March 2026 and they will be invited to read their work at a special event in the middle of Seachtain na Gaeilge.
The prize for the best poem in Irish is €200.00
Entry fee are €3.50 for 1 poem or €5.50 for 3 poems (through PayPal send to account limerickwriterscentre@gmal.com) https://www.paypal.com/ie/home
The poet and editor Tomás Ó Coileáin returns as judge for this year’s competition.
About Tomás Ó Coileáin
Tomás Ó Coileáin is a poet from Limerick City, and is the poetry editor of Revival Press (the poetry imprint of Limerick Writers’ Centre). He was partv of Poetry Ireland’s Introductions programme in 2025. He has published two poetry collections to date, Inside Out (2020) and Ar An Leoithne/On The Breeze (2024) and has had work published in a variety journals here and abroad. He won first place at Féile Raifteirí, Loughrea, in 2024, and the Drawn To The Light Press “Hold Fast To Dreams” competition the same year.
About Séamus Ó Cinnéide
Séamus Ó Cinnéide (1925 – 1992) was born in Mungret Street, Limerick, Ireland, and lived in
Garryowen from the 1960s onwards. He was a poet, historian, storyteller, and journalist, who wrote
columns for the Limerick Leader and the Limerick Chronicle, notably the column “I Mo Scriobháil
Féin”. He was co-author, with Dónal Ó Riain, of History and Folklore of Parteen and Meelick. He often travelled to the Gaeltacht in Cúil Aodha, An Rinn, and Conamara, and attended Conradh na Gaeilge. A Street in Limerick was named in his honour in 2007.
About the Limerick Writers’ Centre
The Limerick Writers’ Centre was founded as a not-for-profit organisation in 2008 to support and
promote writers from Limerick and beyond through readings, workshops and publishing activities.
Guided by a voluntary board of directors, the Centre has been a driving force, bolstering the literary
community in Limerick and surrounding area.
Entries can be made by email to limerickwriterscentre@gmail.com or by post to Limerick Writers’
Centre, c/o The Umbrella Project, 78 O’Connell Street, Limerick.
Rules and more information from their website www.limerickwriterscentre.com or
email: limerickwriterscentre@gmail.com
THE DEADLINE FOR ENTRIES IS MIDNIGHT, Friday 28 February 2025
