Bua ag an Fhile Chonallach, Máire Dinny Wren, i gCéad-Chomórtas Filíochta Séamus Ó Cinnéide

Bua ag an Fhile Chonallach, Máire Dinny Wren, i gCéad-Chomórtas Filíochta Séamus Ó Cinnéide

0

Tá fíor-bhród orainn sa Limerick Writers’ Centre agus muid ag fógairt gurb í Máire Dinny Wren í an buaiteoir i gComórtas Filíochta Séamus Ó Cinnéide, a ritheamar don chéad uair riamh i mbliana agus muid ag iarraidh barr feabhais i bhfilíocht na Gaeilge a cheiliúradh. Roghnaíodh “In Uaigneas na Coille” don duais seo, faoi shúil aireach an mholtóra – eagarthóir agus file aitheanta Tomás Ó Coileáin.

Ceiliúradh ar Oidhreacht agus ar Litríocht na Gaeilge

Comhartha ómóis is ea an comórtas seo don Luimníoch mór le rá Séamus Ó Cinnéide, a bhí ina fhile, ina staraí, agus ina urlabhraí diongbháilte ar son na Gaeilge le linn a shaoil. Agus an gradam seo á chruthú againn, tugann an Limerick Writers’ Centre urraim do thiomantas leanúnach Uí Chinnéide i leith caomhnú agus cur chun cinn léiriú an chultúir dhúchasaigh. Labhróidh a nia an tOllamh Eoin Devereux, scríbhneoir agus file clúiteach as féin, faoina uncail agus bronnfaidh sé an duais ar an oíche.

Bronnadh an Duais agus Léamh Filíochta

Sonraí:

  • Dáta: Déardaoin, 24 Aibreáin
  • Am: 6:00 i.n.
  • Áit: Conradh na Gaeilge, Halla Íde, Sráid Thomáis, Cathair Luimnigh
  • Cead Isteach: saor in aisce do chách.

Bronnfar a duais ar an fhile bhuaiteach le linn léamh speisialta, a thabharfaidh deis ar leith don lucht féachana an saothar iontach a bhlaiseadh.

An Buaiteoir: Máire Dinny Wren

Scríbhneoir clúiteach filíochta agus gearrfhicsin, tá aitheantas suntasach tuillte ag Máire Dinny Wren i litríocht na Gaeilge. Phill sí chun an bhaile go Gaoth Dobhair in 1999 i ndiaidh di tréimhse de 21 bliain a chaitheamh i Londain. In 2011, d’fhoilsigh Coiscéim a céad bhailiúchán filíochta, Ó Bhile go Bile. Bhí a dara cnuasach filíochta, Tine Ghealáin (Éabhlóid, 2019) ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2020. D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor, in 2016 agus tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach, Poblachd nam Bàrd, agus Poetry Ireland Review.

 Oidhreacht Liteartha á Aitheant: Séamus Ó Cinnéide

Bhí Séamus Ó Cinnéide (1925-1992) ina bhunchloch i dtírdhreach liteartha agus cultúrtha Luimnigh. Rugadh agus tógadh é ar Sráid Mhungairit sular bhog sé go Garraí Eoin, agus b’intleachtóir ildánach é  – file, staraí, scéalaí, agus iriseoir, gan ach beagán a lua. Mar gheall ar an méid a chuir sé leis na meáin áitiúla trína cholúin sa Limerick Leader agus sa Limerick Chronicle, a shraith ionúin “I Mo Scriobháil Féin” ina measc, bhí meas air i gciorcail chultúrtha na hÉireann.

Scoláire tiomnaithe don teanga, thaistil Ó Cinnéide go forleathan tríd na ceantair Ghaeltachta, Cúil Aodha, An Rinn, agus Conamara ach go háirithe. Bhí a thiomantas chomh domhain sin is gur ainmníodh sráid ina onóir sa bhliain 2007 – léiriú ar a thionchar buan.

 Limerick Writers’ Centre

Bunaithe in 2008 mar eagraíocht neamhbhrabúis, tá Ionad Scríbhneoirí Luimnigh ina chúis  ríthábhachtach spreagtha don chruthaitheacht liteartha. Agus é á fheidhmiú ag bord stiúrthóirí deonacha, tacaíonn an Lárionad le scríbhneoirí ó Luimneach agus níos faide i gcéin agus cuireann sé chun cinn iad trí léamha, ceardlanna agus tionscnaimh foilsitheoireachta.

Eolas Teagmhála

Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin, nó le tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le:

Ionad Scríbhneoirí Luimnigh  (Ríomhphost: limerickwriterscentre@gmail.com)

Donegal Poet Máire Dinny Wren Triumphs in Inaugural Séamus Ó Cinnéide Poetry Competition

The Limerick Writers’ Centre proudly announces Máire Dinny Wren as the winner of the first-ever Séamus Ó Cinnéide Poetry Competition, celebrating excellence in Irish language poetry. Her winning poem, “In Uaigneas na Coille” (In the Loneliness of the Wood), has been selected by distinguished poet and editor Tomás Ó Coileáin.

A Celebration of Irish Language and Literary Heritage

The competition stands as a powerful tribute to Séamus Ó Cinnéide, a legendary Limerick poet, historian, and passionate advocate for the Irish language. By creating this award, the Limerick Writers’ Centre honours Ó Cinnéide’s lifelong commitment to preserving and promoting Irish cultural expression. His nephew Prof Eoin Devereux, also a distinguished writer and poet, will speak about his uncle and present the prize on the night.

Award Presentation and Reading

Event Details:

  • Date: Thursday, April 24th
  • Time: 6:00 PM
  • Location: Conradh na Gaeilge, Thomas Street, Limerick
  • Admission: Free and open to the public

The winning poet Máire Dinny Wren will be presented with her prize during a special reading, offering audiences a unique opportunity to experience the award-winning work.

About the Winner: Máire Dinny Wren

A renowned writer of poetry and short fiction, Máire Dinny Wren has earned significant recognition in Irish literature. After living in London for 21 years, she returned to her native Donegal in 1999. Her literary achievements include: Two poetry collections: Ó Bhile go Bile (2011) and Tine Ghealáin (2019). Short story collection Go mbeinnse choíche saor (2015).

Other achievements include awards from Listowel Writers’ Week. Broadcasts on RTÉ, BBC Radio Ulster  and other national platforms. Publication in prestigious journals like Poetry Ireland Review and Comhar

Honouring a Literary Legacy: Séamus Ó Cinnéide

Séamus Ó Cinnéide (1925-1992) was a cornerstone of Limerick’s literary and cultural landscape. Born on Mungret Street and later residing in Garryowen, he was a multifaceted intellectual – a poet, historian, storyteller, and journalist. His contributions to local media through columns in the Limerick Leader and Limerick Chronicle, including his beloved “I Mo Scriobháil Féin” series, made him a respected voice in Irish cultural circles.

A dedicated scholar of the language, Ó Cinnéide travelled extensively through Irish-speaking regions like Cúil Aodha, An Rinn, and Connemara. His commitment was so profound that in 2007, a street in Limerick was named in his honour – a testament to his enduring impact.

About Prof Eoin Devereux

Prof Eoin Devereux’s work has appeared in leading publications including The Irish Times, Janus Literary Magazine, The Stony Thursday Book, and Southword. His commitment to the local literary scene was highlighted through his curation of the poetry broadsheet “April Is the Cruellest Month” for National Poetry Day 2022, in collaboration with Limerick Writers’ Centre. His most recently published poem ‘Pravda’ was shortlisted for the 2024 An Post Irish Book Awards New Poetry Category.

About the Limerick Writers’ Centre

Founded in 2008 as a not-for-profit organization, the Limerick Writers’ Centre has been a crucial catalyst for literary creativity. Operated by a volunteer board of directors, the Centre supports and promotes writers from Limerick and beyond through readings, workshops, and publishing initiatives.

Contact Information

For media inquiries or further information, please contact: Limerick Writers’ Centre Email: limerickwriterscentre@gmail.com